
“Is pobal daoine - idir ealaíontóirí, taighdeoirí, oideachasóirí, teicneolaithe, fiontraithe agus tomhaltóirí, é an Mol Digiteach, agus iad ar fad ag obair le chéile chun táirgí agus seirbhísí nuálaíocha agus rathúla de chuid na meán digiteach a chruthú, agus chun tacú lena dtodhchaí.”
Tionscadal an Mhoil Dhigitigh
Is tionscnamh de chuid Rialtas na hÉireann é an Mol Digiteach chun ionad idirnáisiúnta barr feabhais i gcomhair feasachta, nuálaíochta agus cruthaitheachta atá dírithe ar fhiontair theicneolaíochta agus inneachair dhigitigh.
Tá an fhorbairt lárnach naoi acra lonnaithe deich nóiméad ar shiúl ó lár na cathrach laistigh de cheantar stairiúil na Líbeartaí i bpríomhchathair na hÉireann, Baile Átha Cliath. Sna deich mbliana amach romhainn is amhlaidh a chruthóidh an tionscnamh seo forbairt le húsáid mheasctha, comhdhéanta de spás fiontair, cónaitheach, miondíola, foghlama agus poiblí.
Tá an tionscadal seo á bhainistiú ag gníomhaireacht de chuid rialtas na hÉireann, Gníomhaireacht Fhorbartha an Mhoil Dhigitigh, arna bunú i mí Iúil 2003.